Sraith 6: Ná húsaid an cárta creidmheasa gan chead Flashcards

1
Q
A

Bhí an buachaill agus an cailín ar líne. Chonaic siad fógra. Bhí ceolchoirm ag teacht suas i Staid Aviva. Caoga euro a bhí ar na ticéid. Ba mhaith leo dul go dtí an cheolchoirm. “Rachaimid” a dúirt an buachaill. Bheartaigh siad na ticéid a cheannach le cárta Dhaid. Bhí cárta Dhaid ar an matal. Bhí an uimhir ar eolas ag an gcailín.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q
A

Cheannaigh siad dhá thicéad. D’íoc siad céad euro. D’úsáid siad cárta Dhaid.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q
A

Chuaigh siad go dtí an cheolchoirm. Bhí Staid Aviva pacáilte. Bhí an banna ag seinm. Bhí na déagóirí sásta. Bhí siad ag gáire.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q
A

Tháinig an bille Visa. Léigh Daid an bille. Chonaic sé “Aviva-Ceolchoirm-céad euro”. Bhí iontas air. Ní raibh sé sásta.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q
A

Bhí Mam agus Daid ar buile. Thaispeáin Daid an bille do na déagóirí. Ní raibh cead acu an cárta a úsáid.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q
A

Chuir Mam agus Daid pinós ar na déagóirí. Thug siad jabanna dóibh. Bhí orthu obair tí a dhéanamh. Ghlan an buachaill an fhuinneog. Ghlan an cailín an t-urlár. Bhí ceacht foghlamtha acu.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly