Scrúdú Samhraidh Flashcards
(34 cards)
feidhmeanna an análaithe
Ocsaigin a thógáil isteach
• Dé-ocsaíd charbóin a eisfhearadh
• Gal uisce a eisfhearadh
Laraing
feadán an ghlóir). Is í a dhéanann fuaimeanna.
Fáinní loingeáin
a choimeádann na píobáin aeir ar oscailt.
Matáin idireasnacha
is cúis leis an gcliabhrach bogadh isteach agus amach le linn análú.
An Scairt
leathán matánach a bhogann suas agus síos le linn análú agus is é i s cúis le haer gluaiseacht isteach agus amach as na scamhóga.
An Traicé
píobán garbh) a ligeann d’aer dul isteach agus amach go dtí na scamhóga.
An Broncas
feadán a iompraíonn aer ón traicé go dtí na scamhóga.
Broincíní
feadáin chaola a impraíonn aer laistigh de na scamhóga.
Aibheolais
aershaic bhídeacha a bhíonn clúdaithe le gréasán d’fhuileadáin chúnga. Malartaítear ocsaigin agus dé- ocsaíd charbóin ar a chéile sna hailbheolais.
An Chillriospráid:
Cillriospráid a thugtar ar an bpróiseas trína scaoiltear fuinneamh ó bhia.
Glúcós + Ocsaigin Dé-ocsaíd charbóin + Uisce + Fuinneamh
C6H12O6 + 6O2 6CO2 + 6H2O + Fuinneamh
An Plasma
Plasma a thugtar ar ar an gcuid leachtach den fhuil
Feidhmeanna a bhíonn ag an bhFuil
Bia a iompar ón gcóras díleáite chuig na cealla.
• Ocsaigin a iompar ó na scamhóga chuig na cealla chun fuinneamh a chur
ar fáil ón mbia le linn riospráide.
• Fuíollábhair ar nós úiré a iompar ón ae chuig na duáin chun go
n-eisfhearfar é.
Fuilchill Dhearg
Déchuasach. Gan núicléas. Haemaglóibín iontu.
Smior na gcnámh
5,000,000/mm3
Ocsaigin a iompar
Fuilchill Bhán
Gan cruth cinnte.
Smior na gcnámh
8,000/mm3
Cosaint in aghaidh galair. Antashubstaintí a dhéanamh.
Pláitín
Píosaí de chealla.
Smior na gcnámh
250,000/mm3
An fhuil a théachtadh
Artairí
Iompraíonn na hartairí fuil ón gcroí go dtí gach páirt den chorp.
Féitheacha
Is iad na féitheacha a iompraíonn fuil ón gcorp ar ais go dtí an croí.
An vena cava íochtarach
Iompraíonn an fhuil ó na cosa agus ó íochtar na colainne
An vena cava uachtarach
Iompraíonn an fhuil ón gcloigeann agus ó uachtar na colainne
An t-artaire scamhógach
Iompraíonn an fhuil go dtí na scamhóga
An t-aorta
Iompraíonn an fhuil ar fud na colainne
Féitheacha scamhógacha
Iompraíonn an fhuil ar ais ó na scamhóga
Feidhmeanna a bhíonn ag an gCnámharlach
• Tacaíocht. Gan é ní bheadh sa chorp ach glóthach.
•Cosaint. Cosnaíonn an bhlaosc an inchinn, mar shampla.
• Gluaiseacht. Is ancaire é ag na matáin rud a chuireann ar chumas an
choirp gluaiseacht.