Stadeolaíocht Flashcards

(6 cards)

1
Q

cad a tharlaíonn sa dán? Scriobh achoirme.

A

Sa dán seo tá an file ag fanacht ar bhus ag stad an bhus. Déanann sé seic ar aip ar a fhón póca sa dán. Theastaigh uaidh fíor-am an bhus a fháil ar a ghuthán póca ach in áit eolas fíor-ama, faigheann sé “radharc fíor-ama” nuair a ardaíonn sé a cheann agus feiceann sé an bus ag tiomáint thar bráid.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

déan cur síos ar na mothúcháin sa dán.

A

Is é díomá an mothúchán is láidre sa dán seo ach tá sé greannmhar. Insíonn an file scéal gearr simplí faoin uair a chaill sé an bus. Nuair a bhí sé ag lorg eolas fíor-ama faoin mbus ar a fhón, tháinig an bus. Níor stop an bus.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

an dtaitníonn an dán leat? Cén fáth? Tabhair dhá chúis.

A

Thaitin an dán liom. Is maith liom an teachtaireacht atá ag an bhfile. Bímid go léir ag cailleadh amach ar rudaí beaga agus rudaí móra, uaireanta, bím féin sáite san fhón póca. Ba cheart dúinn féachaint suas, féachaint ar an saol thart orainn

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Déan cur síos gairid ar théama an dáin/an amhráin.

A

Ceapaim gurb é “tionchar an fhóin chliste” an príomhthéama sa dán. Cailleann an file an bus mar tá sé sáite ina fhón cliste. Caithimid an iomarca ama ar na meáin shóisialta nó ag imirt chluichí amaideacha. Mar sin tá tionchar mór ag an bhfón cliste ar an saol.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

An dóigh leat féin go bhfuil teideal maith nó oiriúnach ar an dán/ar an amhrán? Tabhair fáth amháin le do fhreagra.

A

Is comhfhocal é an teideal. Tá sé comhdhéanta de na focail ‘stad’ agus ‘eolaíocht’. Creidim go bhfuil ceisteanna eolaíocha ag an bhfile sa dán seo. An bhfuil an bus timpeall na cúinne? sáinnithe i dtrácht?

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Déan cur síos an íomha thuairisciúil.

A

Bhrúigh sé cnaipe na haipe agus ní fheiceann sé an bus ag dul thar bráid. Is íomhá thuairsciúil í seo. Bímid sáite san fhón cliste. Ní thugaimid aire ar rudaí atá ag tarlú.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly