FR 1 - Leaisteachas Flashcards
(12 cards)
Ioncam Iomlán

An líon ioncaim a fuarthas ó dhíolacháin iomlán den earra sin.

Ioncam Imeallach

An méid ioncaim breise a fuarthas as an aonad deireannach den earra a díoladh.
An athrú san ioncam iomlán.

Cén fáth nach bhfuil ioncam imleallach = praghas

Tá seo amhlaidh mar chun breis aonaid a dhíol caithfear praghas gach earra a ísliú.
Dá bhrí sin tá ioncam imeallach = An praghas ag a díoladh an earra deireannach – an chailliúint in ioncam a bhain leis na hearraí eile ar fad a dhíol ag praghas níos ísle.

Praghasleaisteachas an Éilimh

Baineann leaisteachas le sofhreagracht an éilimh d’athruithe sa phraghas. An t-athrú comhréireach sa líon a éilítear a chur i gcomparáid leis an athrú comhréireach sa phraghas.

An fhoirmle
Q × P1 + P2
P Q1 + Q2
Má tá an toradh diúlach céard is brí leis sin?

Téann an t-éileamh síos má théann praghas suas agus vice versa.
Earra Normálta nó Lagmheasa

Má tá sé dearfach?

Má fheicimid figiúir do leaisteachas atá dearfach tá a fhios againn gur earra Giffen atá ann. Má théann praghas síos, rachaidh éileamh síos agus vice versa.

Éileamh Leaisteach

Má thagann athrú ar phragas tiocfaidh athrú comhréireach níos mó ná sin ar an líon a éileofar.

Éileamh Leaisteach Foirfe

Is féidir leis an táiregeoir an líon ar fad atá á tháirgeadh aige a dhíol ach má ardaíonn sé praghas titfidh an méid a éileofar go O.

Éileamh Neamhleaisteach:

Má thagann athrú ar phragas tiocfaidh athrú comhréireach níos lú ná sin ar an líon a éileofar.
Nuair atá an laisteachas níos lú ná 1, tá éileamh neamhleaisteach.

Éileamh Neamhleaisteach Foirfe
Ní thiocfaidh aon athrú ar an líon a éileofar de bharr athrú sa phraghas.
Leaisteachas aonadach
Má thagann athrú ar phragas tiocfaidh athrú comhréireach cothrom leis sin ar an líon a éileofar.
Tá PED cothrom le 1.