FR 2- Leaisteachas agus Ioncam Iomlán Flashcards
(13 cards)
Má ardaíonn ioncam iomlán tar éis laghdú sa phraghas tá…

An t-ioncam breise ón ardú sa líon a ceannaíodh níos mó ná an cailliúint in ioncam a bhain leis an ísliú sa phragas. Éileamh Leaisteach atá anseo.

Má íslíonn ioncam iomlán tar éis laghdú sa phraghas tá…
An t-ioncam breise ón ardú sa líon a ceannaíodh níos lú ná an cailliúint in ioncam a bhain leis an ísliú sa phragas. Éileamh Neamhleaisteach atá anseo.
Má fhanann ioncam iomlán mar a chéile tar éis laghdú sa phraghas tá…

An t-ioncam breise ón ardú sa líon a ceannaíodh mar a chéile leis an gcailliúint in ioncam a bhain leis an ísliú sa phragas. Leaisteachas aonadach atá anseo.

Praghas Ag Titim
Leaosteach…
Leaisteachas Aonadach…
Neamhleaisteach…
Leaisteach – Ioncam Iomlán suas
Leaisteachas Aonadach – Fanann Ioncam Iomlan mar a chéile
Neamhleaisteach – Ioncam Iomlán ag titim
Praghas ag Ardú
Leaisteach –
Leaisteachas Aonadach –
Neamhleaisteach
Leaisteach – Ioncam Iomlán suas
Leaisteachas Aonadach – Fanann Ioncam Iomlan mar a chéile
Neamhleaisteach – Ioncam Iomlán ag titim
Nasc idir Ioncam Iomlán agus an Praghas Cothromaíochta

Is é an praghas cothromaíochta an praghas a thugann an t-ioncam iomlán is mó duit sa mhargadh soláthair agus éileamh ina bhfuil tú ag feidhmiú. Tá leaisteachas aondadach ag an bpointe seo.

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra: Earraí Ion…

Earraí Ionadacha: Seo earraí atá i gcomórtas díreach lena chéile. Seo an toisc is tábhachtaí. Má tá go leor earraí ionadacha ag earra beidh sé sofhreagach d’athruithe i bpraghas, sé sin beidh claonadh leaisteach aige.
Tae agus Caife

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra:
Earraí Comhl…

Seo earraí a úsáidtear le chéile. De ghnáth ní féidir iad a úsáid leo féin. Go bunúsach is earra amháin atá iontu.Le dhá earra chomhlántach, beidh éileamh neamhleaisteach ag an gceann is saoire. Sampla: Bróga agus iallacha bróg.

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra: Bu…

Buan: Má tá an t-earra buan, sé sin nach ndéantar é a ídiú nó a chaitheamh go tapaidh tá claonadh leaisteach aige. Tá seo amhlaidh mar gur féidir le tomhaltóirí ceannach an earra seo a chur ar an méar fhada má bhíonn ardú sa phraghas nó iad a cheannach agus a stóráil má íslíonn an praghas

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra: An Céadt….

An Céadtadán den ioncam a chaitear ar an earra: Má dhéantar céadtadán mór d’ioncam tomhaltóirí a chaitheamh ar earra beidh claonadh leaisteach aige.

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra: Úsá….

Úsáidí Éagsúla: Má tá úsáidí éagsúla ag earra tá claonadh leaisteach aige. Má ardaíonn an praghas gearrfar siar beagáinín ar an éileamh i ngach gné dá úsáid. Sa deireadh beidh athrú mór i gceist.

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra: Earraí Riach…

Earraí riachtanacha v Earraí Sóchais: Tá bia, foscadh agus éadach riachtanach chun maireachtáil Dá bhrí sin tá claonadh neamhleaisteach acu. Níl earraí sóchais, laethanta saoire mar shampla, riachtanach dá bhrí sin tá claonadh leaisteach acu.

Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas earra: Im…

Imeacht ama: Nuair a athraíonn praghas ardóidh an Leaisteachas le himeacht ama. Sampla: Má ardaíonn praghas an leictreachais go mór déanfaidh tú rudaí beaga cosúil le soilse a chasadh amach sa ghearrthréimhse.
