FR 3 - Leaisteachas Eile Flashcards
(18 cards)
Leaisteachas ioncaim
Sofhreagracht an éilimh d’athruithe in ioncam. An t-athrú comhréireach sa chainníocht a éilítear i gcomparáid leis an athrú comhréireach in ioncam.
Foirmle
ΔQ X Y1 + Y2
ΔY Q1 + Q2
Earraí Giffen
Tá Leaisteachas an ioncaim diúltach d’earraí lagmheasa (earraí
Giffen san áireamh). Sé sin titeann an t-éileamh tar éis ardú san
ioncam.
Earraí Sóchais
Tá leaisteachas an ioncaim an-ard d’earraí sóchais. Laethanta saoire mar shampla, ardaíonn an t-éileamh go mór de réir mar a ardaíonn ioncam.
Trasleaisteachas an Éilimh
Sofhreagracht an éilimh d’earra amháin do athruithe praghas in earra eile. An athrú comhréireach sa chainníocht a éilítear d’earra A i gcomparáid leis an athrú comhréireach i bpraghas d’earra B.
Foirmle
ΔQa X P1b + P2b
ΔPb Q1a + Q2a
Earraí Ionadacha
Earraí Ionadacha: Má ardaíonn an praghas ar earra amháin tiocfaidh ardú ar an éileamh d’earra eile. Sa chás seo tá an trasleaisteachas dearfach.
Sampla: Laethanata saoire in Áiteanna atá cosúil le chéile.
Earraí Comhlántacha
Earraí Comhlántacha: Má ardaíonn an praghas ar earra amháin tiocfaidh laghdú ar an éileamh d’earra eile. Sa chás seo tá trasleaisteacha an éilimh diúltach.
Leaisteachas an tSoláthair
Sofhreagracht soláthar earra d’athruithe i bpraghas. An t-athrú comhréireach sa chainníocht a dhéantar a sholáthar i gcomparáid leis an athrú comhréireach sa phraghas.
Foirmle
ΔQ X P1 + P2
ΔP Q1 + Q2
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas an tsoláthair:
Cost….
Costas Táirgeachta: Seo an toisc is tábhachtaí. Más féidir táirgeacht a ardú gan cur le haonad costais déanfar táirgeacht a mhéadú nuair a ardaíonn praghas. Seo soláthar leaisteach.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas an tsoláthair: Speis…
Speisialtóireacht: Má tá táirgeoir ag úsáid saothar agus treallamh/innealra speisialta beidh sé an-deacair dó sa ghearrthréimhse táirgeacht a mheadú. Tá a mhalairt fíor freisin.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas an tsoláthair:
Lí…
Líon earraí atá á dtáirgeadh: Má tá dhá earra á dtáirgeadh ag táirgeoir beidh an dá cheann níos leaisteach ná mar a bheadh siad de ghnáth.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas an tsoláthair:
Coinn…
Coinníollacha fisiciúla na Táirgeachta: Tá soláthar neamhleaisteach ag earraí áirithe mar gheall ar an bpróiséas táirgeachta atá acu. Tá a dtáirgeacht seasta do thréimhse áirithe.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar leaisteachas an tsoláthair: Tré…
Tréimhse Ama: Ní nach ionadh bíonn tionchar ag imeacht ama ar leaisteachas chomh maith. Má ardaíonn praghas ar thithe ní féidir mórán a dhéanamh faoi sa Ghearrthréimhse - neamhleaisteach.
An Tábhacht a bhaineann le Leaisteachas:
Cinneadh….
Cinneadh Táirgeachta: Is féidir le táirgeoirí figiúirí leaisteachais a úsáid nuair atá cinneadh á dhéanamh acu maidir le táirgeacht a mhéadú nó a isliú.
Tábhacht le Leaisteachas: Cáin…
Cáin Indíreach: Bailíonn rialtais go leor cánach i bhfoirm cháin indíreach. Ní fiú cáin a ghearradh ar earraí a bhfuil éileamh leaisteach acu mar titfidh éileamh. Sin é an fáth go n-ardaítear cáin ar tobac, alcól agus peitreal (tá éileamh neamhleaisteach acu).
Tábhacht le Leaisteachas: Praghas
Praghas Socrú ag Monaplaí: Má tá éileamh neamhleaisteach ag monaplaí déanfaidh sé praghasanna a ardú go dtí go n-éireoidh sé leaisteach.