An t-Earrach Thiar Flashcards
(12 cards)
An file
Scríobh Máirtín Ó Díreáin an dán seo.
Rugadh é ar Inis Mór sna hOileáin Árann sa bhliain 1910.
Scríobh sé úrscéal amháin, Feamainn Bhealtaine
Bhí suim aige sa drámaíocht.
Téama an dáin
Is é grá áite téama an dáin seo.
Bhí grá mór ag an bhfile dá áit dúchais agus tá sé le brath ar gach véarsa. Tugann sé cur síos ar shaol suaimhneach síochánta an oileáin san earrach.
Níl locht ar an oileán, tá sé faoi gheasa ag baile a óige.
Íomhánna
Tá ceithre íomhá sa dán seo.
Tá siad bunaithe ar shaol síochánta foirfe ar an oileán
Sna híomhánna seo, feicimid an duine agus an dúlra ag obair
le chéile
Tá cuid de na híomhánna dírithe ar an gcluas agus cuid
díobh dírithe ar an tsúil.
Tá íomhá difriúil i ngach véarsa.
Íomhá a haon
Tá an feirmeoir ag rómhar ina ghairdín, ag cur glasraí. Is lá álainn é, tá an ghrian ag taitneamh. Níl aon rud le cloisteáil ach fuaim na spáide. Deir an file gur fuaim álainn cheolmhar í
Íomhá a dó
Tá an fheamainn dhearg ag taitneamh faoin ngrian ar an trá bhán. Tá feirmeoir ag baint feamainne ar an trá agus cuireann sé é sa chliabh ar a
dhroim.
Tá gach rud álainn agus geal.
Íomhá a trí
Feicimid na mná ag baint feamainne i locháin ar an trá nuair atá an taoide
imithe amach. Tá siad in ann a scáil a fheiceáil san uisce. Taispeánann sé an muintearas ar an oileán. Taitníonn sé go mór leis na mná a bheith le chéile, amuigh faoin spéir agus faoin ngrian
Íomhá a ceathair
Baineann an íomhá seo leis na hiascairí ag filleadh abhaile tar éis lá amuigh ag iascaireacht.
Tá an bád lán d’éisc. agus tá na hiascairí ag rámhaíocht abhaile go ciúin ar an bhfarraige órga. Tá fuaim lag fholamh ó na maidí rámha. Tá an ghrian ag taitneamh san íomhá agus is féidir linn an fharraige órga a fheiceáil inár n-intinm
Grá
Tá grá ag an bhfuil dá bhaile, Inis Mór Árainn. Tá an file lán le grá ag cuimhneamh siar ar a shaol ar an oileán. Tá an file lán le grá ag cuimhneamh ar na mná ag bailiú feamainne le chéile ar an trá.
Cuimhní
Is cuimhin leis na feirmeoirí ag obair sa gharraí le spád. Ina intinn, cloiseann an file an fhuaim bhinn shíochánta a rinne an spád.
Atmaisféar
Tá atmaisféar suaimhneach, síochánta sa dán. Níl aon bhrú le mothú i ngach véarsa. Is iad cuimhní sona a óige atá aige agus é ag smaoineamh ar an oileán. Ní chuimhin leis an drochaimsir agus an cruatan a bhain leis an saol.
Atmaisféar - na fuaimeanna
Úsáideann sé séimh, binn, niamhrach, támh nuair atá sé ag déanamh cur síos ar na radhairc agus ar na fuaimeanna a bhaineann leis an oileán.
Atmaisféar - gheal
Sa dán, tá an ghrian ag taitneamh i ngach véarsa
Tá aoibhneas agus sonas le feiceáil i ngach gné den saol.
Cruthaíonn an file atmaisféar muinteartha san íomhá a bhaineann leis na mná ag bailiú feamainne ar an gcladach.