Mo Ghrá-sa Flashcards
(16 cards)
An file
Scríobh Nuala Ní Dhomhnaill an dán seo. Rugadh i Lancashire, Sasanna í i 1952. D’fhill sí ar Eirinn nuair a bhí sí cuig bliana d’aois . D’fhoilsigh sí a cead leabhar filíochta An Dearg Droighim i 1981
Caractair An file
Is bean laidir í Nuala Ní Domhnaill. Creideann sí i gcearta na mban. Ní thaitníonn an brú atá curtha ar chailíní óga sa lá atá inniu ann a bheith tánaí agus alainn nó an béim a cuireadh ar chuma sa seandánta grá léi
Tuarim an file faoi seandánta grá
I ndairíre tá sí ag magadh faoi na seandánta grá. Tá sí maslach faoina fear nair atá sí ag magadh faoi na seandánta
Téama - grá
Is grá téama an dáin seo. Tá an file ag caint faoina grá. Molann sí é ach ag an ám céanna, tá sí ag mafadh faoi é.
Ag magadh faoi na sean-dánta grá
I seandánta grá, chuir daoine béim mhór ar chuma an duine seachas pearsantacht.
Dar leis an bhfile, tá pearsantacht an duine níos tábhachtaí ná cuma an duine. Sna seandánta agus seanamhráin grá, tugadh pictiúr de bhean álainn fhoirfe agus
cuireadh i gcomparáid le bláthanna agus le gnéithe eile den dúlra í.
Íomhá an fear
Déantar cur síos diúltach ar an bhfear ag tús an dáin. Cáineann an file a shúile - deir sí go bhfuil siad róghar dá chéile agus níl siad cosúil le sruthán ceolmhar. Tá a ghruaig cosúil le sreang dheilgneach.
Cén fáth a cáineann sí a chur síos
Is léir nach fear dathúil é. Tá an cur síos ar an bhfear áibhéalach agus greannmhar. Cuireann an file béim mhór ar a chuid lochtanna.
Níl aon rud deas faoina aghaidh ach déanann an file é seo chun aoir a dhéanamh ar na seandánta grá.
Meafar na húlla
Molann an file pearsantacht a grá.
Tugann sé aire mhaith di agus bíonn sé ann di i gcónaí.
Is meafar é na húlla a sheasann do riachtanais na beatha agus seasann na caora finiúna do shónna an tsaoil.
Tuigeann an file go bhfuil sé níos tábhachtaí a bheith le duine fial, comhbhách, seachas duine dathúil
Frustrachas
Tá frustrachas le brath go láidir sa dán seo.
Tá frustrachas ar an bhfile mar gheall ar an dearcadh atá ann faoi mhná sna seandánta grá agus sna meáin cumarsáide inniu
Teicnící filíochta - greann
Tá ioróin ag baint leis an teideal, Mo Ghrá-sa (idir lúibíní).
Tugann an teideal le fios gur aoir é an dán agus go bhfuil soiniciúlacht ag baint leis an dán. Tá an file ag aoradh an nóisín choinbhinsiúnaigh, nósmhair den ghrá a luaitear i scannáin agus sa litríocht choitianta agus mar sin, tá an teideal an-oiriúnach.
Tá an cur síos ar chuma ghránna a fir bhoicht an ghreannmhar
Teicnící filíochta - Samhall
Tá samhail i líne 2 nuair a mhaíonn an file nach bhfuil a grá cosúil le bláth na nairní.
Dé ghnáth, d’úsáidtí an tsamhail seo sna seandánta grá chun cur síos a dhéanamh ar áilleacht an leannáin ach a mhalairt atá fíor i gcás fear an fhile
Meafar
Tugann an véarsa deireanach le fios dúinn go dtugann a fear riachtanais an tsaoil
don fhile mar a chuirtear in iúl é le meafar na n-úll. Tugann sé sónna an tsaoil di anois is arís nuair a bhíonn sé i ndea-aoibh mar a léirítear le meafar na gcaor finiúna.
Tábhacht na lúibíní
Cuireann na luibíní sa chuid eile den dán smaointe an fhile faoi na seandánta grá in iúl. Níor aontaigh sí leo ag cur béim ar thréithe fhisiciúla an duine.
Léiríonn na luibíní nach bhfuil a grá foirfe agus nach bhfuil aon duine foirfe
Tá sí i ngrá le gnathfear
Tá an file i ngrá le gnáthfhear nach bhfuil foirfe. Léiríonn na luibíní ag deireadh an dáin é seo
.Tá an file ag rá nach mbíonn a fear i ndea-ghiúmar i gcónaí.
Na luibíní agus réaltacht
Tá an file ag tabhairt cur síos réalaíoch ar an ngrá sa dán seo agus cabhraíonn na luibíní leis seo.
An bhfuil súile aon duine cosúil le sruthán ceolmhar
Is dócha nach bhfuil súile aon duine cosúil le sruthán ceolmhar agus tá sé
greannmhar nuair a deir an file, idir luibíní, go bhfuil locht ar shúile a grá