FR 2 - Saothar Flashcards
(24 cards)
Saothar
Seo an iarracht fhisicúil a
dhéanann an duine i dtáirgeacht
earraí agus seirbhísí.
Braitheann éileamh ar shaothar ar…
‘MR…agus M…’
MRP/MPP: Braithfidh an t-éileamh ar shaothar ar an MRP/MPP atá ag an lucht saothair. Má ardaíonn siad sin, ardóidh an t-éileamh.
Braitheann éileamh saothair ar…
‘Éil…’
Éileamh: An t-éileamh atá ar earraí agus seirbhísí comhlachtaí. Má tá seo ard, beidh éileamh ar shaothar ard.
Braithean éileamh saothair ar…
‘Teicn…’
Teicneolaíocht: Le dul chun cinn teicneolaíochta tarlaíonn titim ar éileamh ar shaothar. Sampla: earnáil talamhaíochta.
Braitheann éileamh saothair ar…
‘Cá…’
Cáin: Má bhíonn cáin bainteach le fostú ard (PRSI/ASPC) beidh tionchar aige ar éileamh ar shaothar.
Braitheann éileamh saothair ar…
‘De…’
Deontais/fóirdheontais: Faigheann comhlachtaí áirithe deontais/fóirdheontais chun cabhrú le breis saothair a fhostú.
Soláthar saothair
‘Da…’
Daonra: Dá mhéad é an daonra atá in aois na hoibre sea is mó daoine a bheidh sa lucht saothair.
Soláthar Saothair
‘Pairt…’
Páirteachas an Lucht Oibre: An líon daoine in aois na hoibre atá sa lucht saothair (sé sin fostaithe nó ar thóir oibre). Bíonn an-tionchar ag pá ar seo.
Tuilleadh faoi seo sna nótaí
Soláthar Saothair
‘Coin…’
Coinníollacha Oibre: Bíonn an- tionchar ag faid an lá oibre agus laethanta saoire ar mhéid an lucht saothair. Athraíonn cultúr na hoibre ó thír go tír. Bíonn an-tionchar ag rátaí pá ar seo.
Rátaí Pá do phoist éagsúla
‘Trae…’
Traenáil/oideachas: Tá níos mó traenála/oideachas (agus níos mó costais) ag baint le poist áirithe seachas poist eile. Dá bhrí sin bíonn pá níos mó i gceist. Sampl ná dochtúirí i gcomparáid le haltraí
Rátaí Pá difriúla
‘MR…’
MRP/MPP: Braithfidh an méid a íocfaidh fostóir ar MRP/MPP an fhostaí. Níl an fostóir chun níos mó ná seo a íoc leo.
Rátaí Pá
‘Sc…’
Scileanna/tallann agus Cíos Eacnamaíoch: Le poist áirithe tá scil/tallann faoi leith ag roinnt leo. Samplaí: Spórt proifisiúnta, aisteoirí agus ceoltóirí. Go minic bíonn cíos eacnmaíoch an-ard ag na poist seo.
Rátaí Pá difriúla
‘Con…’
Contúirt: Le poist áirithe tá contúirt agus coinníollacha oibre deacair/neamhghnáthacha ag baint leo. Ag obair i bpríosún nó ar ‘oil rig.’
Rátaí Pá difriúla
‘Traid…’
Traidisiúin: I ngach tír go traidisiúnta tá cóimheas faoi leith idir poist. Déanann na ceardchumainn iarracht an cóimheas seo a choimeád. Sa tír seo tá an athrú sa chóimheas seo ina chnámh spairne ag múinteoirí.
Soghluaisteacht Gheografach Lucht Saothair
Soghluaisteacht Saothair: Soghluaisteacht Gheografach Lucht Saothair (Geographical Mobility of Labour): Toillteanacht an lucht saothair bogadh ó áit amháin go háit eile chun glacadh le post.
Soghluaisteacht ó Phost go Chéile
Toillteanacht an lucht saothair bogadh ó gharim amháin go gairm eile.
Tosca go mbíonn éifeachta acu ar Shoghluaiseacht Saothair.
‘Te…’
Teanga: Cuireann aineolas ar theangacha as do shoghluaisteacht saothair.
Tosca go mbíonn éifeachta acu ar Shoghluaiseacht Saothair.
‘Cost…’
Costais Mhaireachtála: Cuireann dífríochtaí sa chostas maireachtála, costas tithíochta ach go háirithe, as do shoghluaisteacht saothair. Sa tír seo tá an-dífríocht idir Baile Átha Cliath agus iarthar na hÉireann.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Shoghluaisteacht Gheografach Lucht Saothair.
‘Cúr…’
Cúrsaí Teaghlaigh agus Pearsanta: Go minic ní bhíonn fonn ar fhostaí bogadh ó áit amháin go háit eile ar chúiseanna pearsanta. Is san áit sin a rugadh agus tógadh é, tá cairde agus gaolta leis ann, tá páistí leis ar scoil ann, ní theastaíonn óna pháirtnéir bogadh srl.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Shoghluaisteacht Gheografach Lucht Saothair.
‘Ao…’
Aois: Bíonn daoine óga i bhfad níos soghluaiste ó thaobh oibre ná daoine atá níos sine. Go mórmhór iad sin atá pósta agus clann orthu.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Shoghluaisteacht Gheografach Lucht Saothair.
‘Eas…’
Easpa Eolais: Cuireann easpa eolais faoi fholúntais as do shoghluaisteacht saothair.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Soghluaisteacht ó Phost go Chéile.
‘Sp…’
Fostaí go bhfuil speisialtóireacht ar bun aige, beidh sé deacair air bogadh go gairm eile.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Soghluaisteacht ó Phost go Chéile.
‘Cos…’
Costais Thraenála agus oideachais: Má tá costas ard ag baint le cúrsaí oideachais agus traenála beidh drogall ar dhaoine tabhairt fúthu, agus dá bharr an t-oideachas/traneáil chuí a fháil do ghairm nua.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Soghluaisteacht ó Phost go Chéile.
‘Cea…’
Ceardchumainn agus cumainn phroifisiúnta: Ar mhaithe leo féin déanann ceardchumainn agus cumainn phroifisiúnta áirithe é deacair ar dhaoine teacht isteach sa mhargadh saothair a bhaineann leo. Cinnteoidh seo easpa iomaíochta do phoist agus pá ard.