FR4 - Ús Flashcards
(22 cards)
Ráta Úis Fírinneach
An Ráta úis ainmniúil – an ráta boilscithe
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar rátaí úis
‘Ri…’
Riosca: Bíonn an-éifeacht ag an leibhéal riosca ar an ráta úis. Dá mhéad é an riosca don iasachtóir sea is mó a bheidh an ráta úis.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar rátaí úis.
‘Pol…’
Polasaí Airgeadaíochta Banc Ceannais na hEorpa: Déanann Banc Ceannais na hEorpa a ráta úis a athrú chun tosaíochtaí eacnamaíochta a spreagadh (boilsciú a smachtú/borradh a chur faoi ngeilleargar). Leanfaidh na bainc chomhlachais ardú/isliú an Bhainc Cheannais.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar rátaí úis.
‘Boil…’
Boilsciú: Ba cheart go mbeadh an ráta úis níos mó ná an ráta boilscithe. Muna bhfuil seo amhlaidh tá cumhacht ceannaigh airgead atá ar iasacht ag laghdú.
Na tosca go mbíonn éifeacht acu ar rátaí úis.
‘Leac…’
Leachtacht na hIasachta: Dá fhad é téarma na hiasachta sea is mó a bheidh an ráta úis. Dá fhad atá an iasachtóir gan an t-airgead sea is mó íocaíocht (ús) a bheidh uaidh.
Rátaí Úis ag Ardú.
‘Ias…’
Iasachtaí: Is é an ráta úis costas iasacht ar bith. Má ardaíonn rátaí úis ardóidh an méid a chaithfidh an t-iasachtaí a íoc ar ais. Déanfaidh seo iasachtaí a dhíspreagadh. Ní nach ionadh tá tionchar ag seo ar mhargadh na tithíochta.
Rátaí Úis ag Ardú.
‘In…’
Infheistíocht: Mar go bhfuil rátaí úis ardaithe tá costas iasachtaí ardaithe. Déanfaidh seo infheistíocht a dhíspreagadh mar nach mbeidh fiontraithe sásta an costas breise seo a ghlacadh.
Rátaí Úis ag Ardú.
‘Coig…’
Coigilteas: Is é an ráta úis costas iasachtaí. Ach ina theannta sin is é an íocaíocht ar choigilt é. Déanann rátaí úis arda coigilt a spreagadh.
Rátaí Úis ag Ardú.
‘Boil…’
Boilsciú: Mar go bhfuil coigilt á spreagadh maraon le hiasachtaí agus infheistiú á ndípsreagadh tá níos lú airgid sa sreabhadh ciorclach ioncaim. Déanfaidh seo boilsciú a ísliú.
Rátaí Úis ag Ardú.
‘Fas…’
Fás Eacnamaíoch: Le coigilt á spreagadh mar aon le hinfheistiú agus iasachtaí á ndíspreagadh táthar ag cur as do fhás eacnmaíoch an gheilleagair.
Tosaíocht Leachtachta
An mian atá ag daoine aonaracha a gcuid maoine a bheith in airgead tirim.
Éileamh Beartaíochta
Tá airgead tirim ó dhaoine do chaiteachas ó lá go lá. Níl aon tionchar ag an ráta úis ar seo. Braitheann sé ar an leibhéal ioncaim
Éileamh Réamhchúramach:
Teastaíonn airgead ó dhaoine ar eagla éigeandála. Tá éifeacht an-bheag ag an ráta úis ar seo. Braitheann sé ar an leibhéal ioncaim.
Éileamh Amhantrach
Teastaíonn airgead tirim ó dhaoine chun brabús a dhéanamh má thagann an deis. Tá an-éifeacht ag an ráta úis ar seo.
Coigilt - Cén fáth?
‘Cait…’
Caiteachas sa todhchaí: Déanann daoine airgead a choigilt do chaiteachas sa todhchaí. Samplaí: Oideachas tríú leibhéal do pháistí, laethanta saoire srl.
Coigilt - Cén fáth?
‘Éig…’
Éigeandáil: Airgead a shábháil ar eagla éigeandála. Post á chailliúint, breoiteacht nó bás.
Coigilt - Cén fáth?
‘Ú…’
Ús: Déanann daoine airgead a choigilt i mbainc, comhair chreidmheasa srl. chun ús a thuilleamh.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar choigilt.
‘Io…’
Ioncam: Dá mhéad é ioncam an duine sea is mó atá sé/sí chun coigilt.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar choigilt.
‘Ráta Ú…’
Ráta Úis: Dá mhéad é an ráta úis sea is mó atá an duine chun coigilt.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar choigilt.
Ráta Bo…’
Ráta Boilscithe: Cailleann airgead a chumhacht ceannaigh i dtréimhse bhoilscitheach. Déanann seo coigilt a dhíspreagadh.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar choigilt.
‘Cá…’
Cáin: Má tá cáin ar choigilt (DIRT) ard déanfar coigilt a dhíspreagadh.
Tosca go mbíonn éifeacht acu ar choigilt.
‘Scé…’
Scéimeanna: Is féidir le scéimeanna rialtais coigilt a spreagadh. Sampla de seo ná an scéim SSIA.