FR 5 - Fiontraíocht agus Brabús Flashcards
(15 cards)
Fiontraí
Duine a chuireann na tosca táirgthe eile i mbun oibre le chéile chun brabús a thuilleamh.
Tréithe
‘Ea…’
Eagair: Is í an fhiontraíocht a eagraíonn na tosca eile. Gan fiontraíocht níl aon seans go mbeadh táirgeacht ann.
Tréithe
‘Bra….’
Brabús/Caillteanas: Is é brabús an aisíocaíocht ar fhiontraíocht. Is féidir caillteanas a thuilleamh chomh maith. Is é an t-aon toisc go bhféadfadh aisíocaíocht diúltach a bheith air.
Treithe
‘Íoc…’
Íocaíocht: Déantar na tosca ar fad a aisíoc i dtosach ansin bíonn an fuíollach ag an bhfiontraí.
Tréithe
‘Éag…’
Éagsúlacht: Éagsúlacht mhór in aisíocaíochtaí fiontraithe. Déanann cuid acu caillteanas, cuid acu brabús normálta agus cuid eile acu brabús osnormálta an-mhór.
Tábhacht le Fiontraithe
‘Ea…’
Eagair: Is iad a dhéanann na tosca táirgthe a chur i mbun oibre lena chéile. Gan iad ní bheadh táirgeacht ann.
Tábhacht le Fiontraithe
‘Ear…’
Earraí agus Seirbhísí: Gan fiontraithe ní bheadh earraí agus seirbhísí á gcur ar fáil. Dá mhéad fiontraithe atá ann sea is mó earraí seirbhísí a bheidh ann. Cuirfidh seo le rogha agus caighdeán maireachtála an tomhaltóra.
Tábhacht le Fiontraithe
‘Fost…’
Fostaíocht: Cuireann fiontraithe fostaíocht ar fáil trí chomhlachtaí a chur ar bun.
Tábhacht le Fiontraithe
‘Ion…’
Ioncam an Rialtais: Cuireann fiontraithe le hioncam an rialtais mar:
a) íocann siad cáin ar a mbrabús
b) íocann siad PRSI dá bhfostaithe,
A thuilleadh le fáil sna nótaí
Tábhacht le Fiontraithe
‘Onn…’
Onnmhairí: Cruthaíonn tomhaltóirí onnmhairí gníomh a chabhraíonn leis an gcomhardú tádála.
An Tábhacht atá le Brabús
‘Cin…’
Cinneadh Táirgeachta: Déanann fiontraí cinneadh earra/seirbhís a tháirgeadh mar go measann sé go bhfuil éileamh ag an tomhaltóir air agus go ndéanfaidh sé brabús.
An Tábhacht atá le Brabús
‘Cos…’
Costais: Mar go bhfuil an fiontraí ar thóir an uasmhéid brabúis beidh sé ag iarraidh costais a ísliú. Spreagtar an fiontraí le bheith chomh éifeachtach agus is féidir agus gan acmhainní a chur amú.
An Tábhacht atá le Brabús
‘Far…’
Fairsingiú: Cuireann brabús ar chumas an fhiontraí fairsingiú a dhéanamh agus tuilleadh brabúis, fostaíochta srl a chruthú.
An Tábhacht atá le Brabús
‘Brab…’
Brabús Normálta: Tá seo riachtanach don fhiontraí le go leanfaidh sé ar aghaidh ag táirgeadh. Is cuid de mheánchostas é.
An Tábhacht atá le Brabús
‘Spre…’
Spreagadh: Is é an deis chun brabús osnormálta a dhéanamh a spreagann an fiontraí le na tosca táirgthe a chur ag obair le chéile chun táirgeacht a thosnú. Gan brabús ní bheadh fiontraithe ann mar aon leis na buntáistí ar fad a bhaineann leo.