FR3 - Caipiteal Flashcards
(29 cards)
Caipiteal
Aon rud a dhéanann an duine a úsáidtear i dtáirgeacht earraí agus seirbhísí.
Infheistiú (Forimiú Caipitil)
Infheistiú (Forimiú Caipitil): Earraí caipitil a tháirgeadh. Smaplaí: Foirgnimh nua a thógáil, inneallra nua a cheannach srl.
Dímheas
Dímheas: Thar am ídítear/caitear/bristear caipiteal. Seo dímheas
Oll-infheistíocht
Oll-infheistíocht: Caiteachas ar chaipiteal nua agus caiteachas ar sheanchaipiteal a shocrú nó ceann
nua fhail.
Oll-Infheistiú – Dímheas = Glan Infheistíocht
Fairsingiú Caipitil
lAn líon Caipiteal agus Saothair a mhéadú sa chaoi go bhfanann an cóimheas idir an dá thoisc mar a chéile.
Doimhniú Caipitil
An líon caipitil a ardíú ag ráta níos mó ná an t-ardú sa saothair. Fásfaidh an cóimheas idir Caipiteal agus Saothar.
Caipiteal Seasta
Tagraíonn seo d’achmhainní cosúil le inneallra agus foirgnimh.
Caipiteal Sóisialta
Seo caipiteal atá i seilbh an phobail. Samplaí: Bóithre, droichid, páirceanna poiblí.
Na Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Infheisitú.
‘Tn…’
Tnútháin Fiontraithe: Má tá fiontraithe sásta go ndéanfaidh siad brabús déanfaidh siad infheistiú. Bhí tnútháin an-ard le roinnt bhlianta anaus. Go mórmhór i dtionscal na tithíochta. Tá sin ag athrú anois.
Na Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Infheisitú.
‘Ú…’
Má tá rátaí úis íseal spreagfaidh seo fiontraithe chun an t-airgead a fháil ar iasacht chun infheisitú a dhéanamh. Sé an ráta úis costas na hiasachta. Tá rátaí úis an-íseal i láthair na huaire..
Na Tosca go mbíonn éifeacht acu ar Infheisitú.
‘Boil…’
Boilsciú: Má tá an ráta boilscithe ard, nó ag ardú déanfaidh seo infheistíocht a dhíspregadh. Tá eagla ar fhiontraithe go bhfásfaidh a gcuid costais ró-mhór.
Na Tosca go mbíonn éifeacht acu ar infheistiú.
‘Cá…’
Cáin: Má tá cáin chorporáide ard déanfaidh seo infheistíocht a dhíspreagdh. Tá an ráta 12.5% sa tír seo an-mhealltach agus maítear gurb é ceann de na príomhchúiseanna gur lonnaigh comhlachtaí ilnáisiúntach anseo.
Na Tosca go mbíonn éifeacht acu ar infheistiú.
‘Deo…’
Deontais agus Dreasachtaí: Tá an cúram ar IDA Ireland comhlachtaí/fostaíocht/infheistíocht a mhealladh go hÉirinn. Cuireann siad go leor deontais agus dreasachtaí ar fáil.
Éifeachtacht Imeallach an Chaipitil
(Marginal Efficiency of Capital): An brabús breise a thuilleann aonad breise caipitil.
Cúiseanna le Infheistíocht in Éirinn.
‘Deon…’
Deontais agus Dreasachtaí: Bhí/tá deontais agus dreasachtaí mealltacha ag an IDA. Bhí/tá tionchar ag seo ar chinneadh comhlachtaí lonnú anseo.
Cúiseanna le Infheistíocht in Éirinn.
‘Luc…’
Lucht saothair: Tá lucht saothair le hoideachas maith sa tír seo. Ina theannta sin labhraíonn siad Béarla, rud atá mealltach do chomhlachtaí Meiriceánacha.
Cúiseanna le Infheistíocht in Éirinn.
‘Eor…’
Eoraip agus Meiriceá: Tá nascanna traidisiúnta ó thaobh an imirce ag Éire le Meiriceá. Ina theannta sin tá Éire ina ball don Aontas Eorpach agus dá bharr tá teacht ag na comhlachtaí anseo ar an margadh sin.
Cúiseanna le Infheistíocht in Éirinn.
‘Cá…’
Cáin Chorporáide: Tá cáin chorporáide mealltach do 12.5% sa tír seo agus cabhraíonn sé le comhlachtaí a mhealladh anseo.
Cúiseanna le Infheistíocht in Éirinn.
‘Bonn…’
Bonneagar: Cé nach bhfuil bonneagar na tíre seo ag ard-chaighdeán go fóill tá feabhas thar cuimse tagtha ar le fiche bliain anaus.
Comhlachtaí ag bogadh ón tír seo.
‘Cost…’
Costais: Tá go leor tíortha, san Áis agus oirthear na hEorpa ach go háirithe níos ísle ó thaobh costais. D’fheabhsaigh cumas iomaíochta na hÉireann i rith an chúlú eacnamaíochta.
Comhlachtaí ag bogadh ón tír seo.
‘Cá…’
Cáin Chorporáide: Ní Éire amháin go bhfuil cáin chorporáide mealltach aici. Tá ráta faoi bhun 20% ag leor tíortha.
Comhlachtaí ag bogadh ón tír seo.
‘Marg…’
Margaí: Tá áiteanna in oirthear na hEorpa níos congaraí don Rúis agus margaí na hEorpa ná Éire (náisiún gur oileán é). Tá na tíortha seo anois ina mbaill don Aontas Eorpach.
Comhlachtaí ag bogadh ón tír seo.
‘Deon…’
Deontais agus Dreasachtaí: Tá deontais agus dreasachtaí mealltacha ag tíortha eile chun comhlachtaí a mhealladh chucu.
Comhlachtaí ag bogadh ón tír seo.
‘Luc…’
Tá go leor tíortha go bhfuil lucht saothair Oilte acu. Sa Phólainn tá 280,000 scoláire ag teacht amach le céim gach bliain. Níl ganntanas saothair ansin faoimar atá in earnálacha áirithe anseo.