An Córas Analaithe Flashcards
(26 cards)
Sainmhínigh riospráid
an dóigh a scaoileann órgánach fuinneamh as bia sna cealla
Céard é an cothromóid riospráide?
C6H12O6 + 6O2 -> fuinneamh + 6CO2 + 6H2O
Sainmhínigh análú
ocsaigin a tharraingt isteach ón aer agus dé-ocsaid carbóin a scaoileadh amach ag na scámhóga
Cá bhfuil an córás análaithe i gcorp an duine?
sa toracs
Cén matán a scarann an toracs ón abdoman?
an scairt
Céard a tharlaíonn don aer agus é sa srón?
éiríonn sé te, tais agus scagtar é
Cén t-ainm atá ar an píos craiceann a chludaíonn an traice le linn ithe?
eipeaglotas
Cén feidhm atá ag an eipeaglotas?
cludaíonn sé an traice chun stop le bia ag dul síos
Cén t-ainm atá thugtar ar na feadán ag bun an traice a théann isteach sna scámhóga?
an broncas
Cén t-ainm a thugtar ar na feadán beaga isteach sna scámhóga nuair a scarann na broncas?
broncíní
Cén áit sna scámhóga a tharlaíonn malartú gais?
na hailbheolais
Cá bhfuil na hailbheolais?
ag bun na broincíní sna scámhóga
cén feidhm atá ag na fábhráin?
is ríbí gruaige iad a bhfuil clúdaithe le múcas agus a bhrúann na pairteagail ar shiúil ón laraing I dtreo an éasfagais (ansin téann sé isteach sa ghoile)
Cén feidhm atá ag na hailbheolais?
malartú gáis
Cén feidhm atá ag scannán an phleora?
cludaíonn sé na scámhóga agus cosnaíonn sé iad ó frithchuimilt
Conas atá na scámhóga oiriúnaithe le haghaidh malartú gasach?
Tá a lán ailbheolais ann agus méadaíonn siad an t-achar dromchla a bhfuil ar fail le haghaidh malartú gasach
Bíonn ballaí na hailbheolais aon-cheallach tiubh don idirleathadh easca
Tá líonra ribeadáin a bhfuil I dteagmháil le ballaí tanaí na hailbheolais a ligeann don O2 agus CO2 idirleathadh
Déan cur síos ar an bpróiseas malartú gasach sna scámhóga
- Le linn riospráide úsáidtear O2 suas agus tairgítear CO2 agus uisce
- Tar éis riospráide bíonn tiúcháin O2 níos ísle sna cealla ná san fhuil, agus idirleathann an O2 a bhfuil san fhuil isteach sna cealla
- Idirleathann O2 ón aer trasna ballaí an ailbheolais agus isteach sna ríbeadáin thart ar an ailbheolais (mar tá tiúcháin íseal O2 san fhuil)
- Tar éis riospráide bíonn tiúcháin níos aired CO2 sna cealla ná atá san fhuil, mar sin de idirleathann an CO2 amach ón chill agus isteach san fhuil
- Idirleathann an CO2 agus H2O amach ón fhuil agus isteach san ailbheolais
Sainmhínigh haemagloibin
is cuid den fhuilchill dearg é haemaglóibín a iompraíonn O2. Is lí (pigment) dearg é
Cén dual a fhaightear in haemaglóibin?
iarann
Déan cur síos ar an meicníocht ionanálú
Tagann teachtaireachtaí ón inchinn chuig an scairt agus na matáin idireasnacha le crapadh
Bogann an scairt síos agus bogann na heasnacha suas agus amach
Bíonn méadú spáis sa tóracs agus íslíonn an brú aeir ann
Tá an brú aeir lasmuigh den chorp níos airde ná sna scámhóga agus bogann aeir isteach
Sainmhínigh ionanálú/ionspioráid
glacadh aer isteach sna scámhóga
Déan cur síos ar an meicníocht easanálú
Éiríonn na matáin idireasnacha agus an scairt suaimhneach
Téann an scairt suad agus téann na heasnacha síos agus isteach
Bíonn laghdú spáis sa tóracs agus méadaíonn an brú a bhfuil ar an aer sna scámhóga
Brúitear an t-aer amach ó na scámhóga
Sainmhínigh easanálú/eispioráid
scaoileadh aer amach as na scámhóga
An próiseas gníomhach nó éighníomhach é easanalú de ghnáth?
éighníomhach, níl ATP de dhith